POST MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR

POST MAR MHÚINTEOIR NÓ MAR CHÚNTÓIR
Ar mhaith leat tamall a chaitheamh ag obair linn mar mhúinteoir nó mar chúntóir i gColáiste Ó Direáin áit a bhfuil:
- an teanga bheo á labhairt ó lá go lá sa phobal Gaeltachta
- déagóirí ar na cúrsaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim
- an bhéim ar pháirtíocht agus ar ghníomhaíochtaí trí Ghaeilge
Cuireann muid fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe (bunscoile agus meánscoile) mar mhúinteoirí ar ár gcuid cúrsaí.
Má tá suim agat i bpost múinteoireachta ar chúrsaí Choláiste Ó Direáin, íoslódáil Iarratas 2020 agus seol chugainn í.
Fáiltímid freisin roimh iarratais mar chúntóirí ó mhic léinn tríú leibhéal atá i mbun staidéir ar an nGaeilge (san Ollscoil nó i gColáiste Oideachais).
Má tá suim agat i bpost cúntóireachta ar chúrsaí Choláiste Ó Direáin íoslódáil Iarratas 2020 agus seol chugainn í.