An-rath ag baint le Samhradh 2010!
D’éirigh thar cinn le cúrsaí an tSamhraidh 2010 i gColáiste Ó Direáin! I mí Meitheamh, bhí an ghrian go hard san spéir chuile lá! Is annamh nach raibh lá ar an trá acu! Nach orthu a bhí an t-ádh!
Cé nach raibh an aimsir céanna againn ar Chúrsa B, bhí an-chúrsa arís againn! Slua álainn a bhí linn, mar is gnáth! Bhí neart Gaeilge á labhairt acu, chomh maith le go leor spraoi acu sna tithe agus san gcoláiste araon! D’oibrigh na cinnirí agus na cúntóirí an-chrua ar fad! Bhí an-tairbhe ag baint len’ a gcuid oibre! Bhí gach céilí gleasta ar fheabhas ar fad! Ní fhaca mé a leithead riamh san gcoláiste! Bhí chuile dhuine gleasta suas ag gach céilí!
Táimíd ar fad ag súil leis an Samhradh seo chugainn cheana féin, agus go leor daoine, nua agus sean, a fheiceáil linn!